Additional information
Dimensions | 2 cm |
---|---|
Subject | |
School | Post Primary |
Exam | |
Product Type | |
Custom Title | Éire á Múnlú, Textbook |
Éire á Múnlú, téacsleabhar Stair na hArdteistiméireachta, gnáthleibhéal agus ardleibhéal.
€34.95
In stock
Tá Éire Á Múnlú scríofa i stíl shoiléir fhíorasach. Déantar trácht ar chúrsaí staire de réir an eolais agus na dtuiscintí is déanaí. Tá an-éagsúlacht sna léaráidí áille agus sna híomhánna staire ann. Cuirtear na príomhstaitisticí i láthair i ngraif agus i gcairteacha atá soiléir, áisiúil.
Déantar clúdach cuimsitheach sa leagan seo den leabhar Éire Á Múnlú ar thrí thopaic i Stair na hÉireann sa Nua-Aois Dhéanach, agus ar na cás-staidéir a bhaineann leis na trí thopaic.
• Topaic 2: Gluaiseachtaí ar son Leasú Polaitíochta agus Sóisialta, 1870–1914 (topaic atá leagtha síos i gcomhair 2026/2027)
• Topaic 3: Ar Thóir an Fhlaithis agus Tionchar na Críochdheighilte, 1912–1949
• Topaic 5: An Pholaitíocht agus an tSochaí i dTuaisceart Éireann, 1949–1993
Seo cuid de phríomhghnéithe Éire Á Múnlú:
• Treoir ag tús an leabhair a chuirfidh ar chumas na scoláirí tuiscint níos fearr a fháil ar chúrsaí gramadaí, mar aon le focail agus frásaí a chabhróidh leo aistí staire a scríobh
• Tugtar na hintinní foghlama i dtús gach caibidle
• Cuirtear Eochairchoincheapa i láthair go soiléir
• ‘Eochairphearsana’ – beathaisnéisí gearra dírithe ar riachtanais an scrúdaithe
• ‘Blúiríní Beatha’ na bpríomhphearsana, mar dhúshraith i gcomhair tuilleadh taighde
• Achoimre ar gach caibidil
• Ceisteanna athbhreithnithe i ndeireadh gach caibidle
• Ceisteanna ó sheanpháipéir scrúdaithe agus téacsanna ábhartha taobh le taobh
• I ndeireadh gach caibidle, ceisteanna samplacha den chineál a bhíonn ar pháipéir scrúdaithe an Ghnáthleibhéil agus an Ardleibhéil
• I dTopaic 2, tugtar réimse leathan doiciméad ábhartha i gcomhair na ceiste doiciméad-bhunaithe. Déantar na ceisteanna cleachtaidh a rangú faoi cheannteidil a oireann don scrúdú, mar shampla Tuiscint, Comparáid, Léirmheastóireacht agus Comhthéacsú.
• Tá eolas cuimsitheach faoin scrúdú ann:
– Comhairle do scoláirí Ard agus Gnáthleibhéil araon
– Míniú ar an scéim mharcála
– Treoirlínte maidir leis an Tuarascáil ar an Staidéar Taighde
– Treoir shoiléir ar conas na ceisteanna doiciméad-bhunaithe a fhreagairt
– Aiste shamplach iomlán le nótaí tráchta
Dimensions | 2 cm |
---|---|
Subject | |
School | Post Primary |
Exam | |
Product Type | |
Custom Title | Éire á Múnlú, Textbook |