Additional information
| Dimensions | 3.3 cm |
|---|---|
| Book Type | |
| Exam | |
| Subject | |
| Custom Title | Compás (Compass Gaeilge Edition), Textbook Package, • Textbook • Skills Book |
The Compás textbook (Compass in the Irish language) and Skills Book package for Junior Cycle Physical Geography.
€32.95
In stock
Pacáiste cuimsitheach trí bliana is ea Compás, ina bhfaighfear gach ábhar atá riachtanach chun
Tíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí a theagasc de réir na sonraíochta.
Príomhghnéithe
• Cur chuige comhtháite neamhlíneach a chlúdaíonn na Torthaí Foghlama.
• Déantar léamh léarscáileanna agus scileanna tíreolaíochta eile a fhí isteach ó thus deireadh.
• Tá an leibhéal Gaeilge agus an leibhéal eolais oiriúnach don tSraith Shóisearach.
• Léaráidí atá soiléir, cruinn.
• Gníomhaíocht tosaigh (SEO LINN) i dtús gach caibidle chun na scoláirí a chur ar a n-aistear foghlama.
• Réamhrá gairid a thugann forléargas do na scoláirí ar ábhar na caibidle.
• Tá na caibidlí roinnte go soiléir i gceachtanna ar leith.
• Tugann intinní foghlama imlíne ar na príomhphointí foghlama sa cheacht.
• Liostaítear na príomhthéarmaí tíreolaíochta (Tír agus Téarmaí) a chlúdaítear sa cheacht. Déantar na
téarmaí seo a aibhsiú agus a mhíniú go soiléir sa teacs.
• Geo-Ghníomhaíochtaí a thugann deis do scoláirí scileanna tíreolaíochta a chleachtadh agus cur lena
gcuid eolais.
• Naisc le Gníomhaíochtaí Rangbhunaithe ina bhfaighfear smaointe agus comhairle phraiticiúil maidir
le gníomhaíochtaí a bhaineann le topaic na caibidle.
• Cás-staidéir cothrom le dáta a bhaineann le hábhar an cheachta.
• Boscaí litearthachta a tharraingíonn aird agus a thugann sainmhíniú ar théarmaí nua.
• Boscaí Fíricíní ina gcuirtear fíricí suimiúla ar fáil.
• Naisc físe le físeáin ar líne a chabhróidh le scoláirí cur leis an bhfoghlaim.
• Ceisteanna ag deireadh gach ceachta (Ag seiceáil amach – súil siar) a chabhróidh le scoláirí an méid
a d’fhoghlaim siad a thástáil.
• Ráitis féinmheasúnaithe a thugann deis do scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama.
• Ceacht i ndeireadh gach caibidle (Tuirlingt – tasc measúnaithe) a thugann deis do scoláirí an méid a
d’fhoghlaim siad ar a n-aistear foghlama a thaispeáint.
• Tá leathanaigh Réidh don Scrúdú i ndeireadh gach caibidle. Is anseo a gheofar ceisteanna
scrúdaithe samplacha, chomh maith le nótaí agus freagraí. Déantar tagairt do chaibidlí éagsúla
chun a thaispeáint mar a dhéantar topaicí a chur i sraitheanna sna scrúduithe. Sa Leabhar Scileanna,
tugtar deis do scoláirí tabhairt faoi cheist den chineál a bhíonn sa scrúdú.
Leabhar Scileanna
Is féidir le scoláirí scríobh i Leabhar Scileanna Compás agus tabhairt faoi réimse
gníomhaíochtaí lena scileanna tíreolaíochta agus scrúdaithe a chleachtadh.
Sna cleachtaí ‘Compás Gaeilge’, cuirtear na scoláirí i ngleic le pointí gramadaí
agus gnéithe den stíl a chabhróidh leo abairtí soiléire slachtmhara a scríobh.
| Dimensions | 3.3 cm |
|---|---|
| Book Type | |
| Exam | |
| Subject | |
| Custom Title | Compás (Compass Gaeilge Edition), Textbook Package, • Textbook • Skills Book |
